Máire Ní Ghuairim

An deirfiúr ba shine le Sorcha ab ea Máire. D’aistrigh sí ó Roisín na Maithniach go Baile Átha Cliath, mar ar oibrigh sí mar mhúinteoir Gaeilge ar an gCarraig Dhubh. Phós sí Seán Brady, Teachta Dála. Bhí beirt iníon agus beirt mhac acu.

Cosúil le Sorcha, bhí sí an-ghníomhach ar son na Gaeilge. Bhíodh sí ag craoladh i nGaeilge, ar 2RN agus Radio Éireann, agus bhíodh sí i mbun pinn leis. D’fhoilsigh sí scéalta agus aistí i nGaeilge i bhfoilseacháin Gaeilge ar nós Fáinne an Lae, An Lochrann agus An t‑Éireannach.

An t‑Éireannach

Linguaphone Conversational Course: Irish

Tá an mhír seo aistrithe go Ceol na Mara.